Tionscnamh (*):
Agallamh idirchultúrtha ilteangach trí theanga neodrach idir na scoileanna Eorpacha

Gaol comhpháirtíoch a chothú idir scoileanna na dtíortha éagsúla Eorpacha ina múintear an teanga neodrach Eorpach Esperanto – sin í aidhm an tionscnaimh. Ise a úsáidtear sa chumarsáid sna cruinnithe Eorpacha cláraithe (dhá cheann sa bhliain in dhá thír), agus rompu, toisc gur teanga neodrach í a ráthaíonn cothrom na Féinne go gach duine agus caomhnú an ilteangachais san Eoraip agus ar fud an domhain. Sna tíortha seo a leanas atá scoileanna an tionscnaimh: an Phortaingéil, an Pholainn, an Fhrainc, an Ungáir, an Liotuáin, an Bhulgáir, an Ghearmáin, an Spáinn, an Iodáil agus Sasana. Tionscnamh oscailte do gach scoil atá ann. Cuireann na mic léinn aithne ar a chéile is ar chultúir a chéile. Cothaítear meas ar oidhreachtaí agus ar thraidisiúin na dtíortha éagsúla Eorpacha rannpháirteacha. Spreagtar foghlaim na dteangacha náisiúnta éagsúla tríd an teanga neodrach Esperanto a úsáid mar dhroichead. Is iomaí tionscnamh praiticiúil leis na múinteoirí is na mic léinn a chuirtear i gcrích, chun comh-théamaí is comh-smaointe a chur chun cinn. Malartú eolais faoi oidhreachtaí stairiúla cultúir na dtíortha is na réigiún is bonn leis an gcomhoibriú. Trí theicneolaíocht an eolais a dhéantar an obair, trí fhoghlaim na dteangacha iasachta agus trí staidéar ar choincheap na saoránachta Eorpaí don am i láthair agus do na glúnta atá ag teacht.

Cruthaíonn aithne na gcultúr agus na dtraidisiún iasachta nascanna cairdis idir na múinteoirí agus idir na mic léinn. Tríd an tionscnamh seo a chur i gcrích, cabhraítear le díthiú na mbacanna cumarsáide idir pobail na dteangacha éagsúla, á gcur roimh na dúshláin chéanna. An teanga neodrach idirnáisiúnta Esperanto, a bhfuil aithne fhorleathan uirthi ach nach bhfuil oifigiúil san Aontas Eorpach fós, a úsáidtear don chumarsáid.

Cruthaíonn úsáid na teanga céanna, nach teanga dhúchais d'aon duine de na rannpháirtithe ach a mhúintear ina gcuid scoileanna uile, cruthaíonn sé mothú an chothroim is na gcomhcheart, ag tosú leis an gceart is bunúsaí: an ceart chun a smaointe féin a chur in iúl ina dteanga féin agus sa chomhtheanga neodrach. Misníonn sé seo na hEorpaigh óga chun a thuiscint gur comhartha measa ar an éagsúlacht an chomh-iarracht a dhéanann gach duine chun dul i dtreo a chéile. Siombail na caoinfhulaingthe is ea í.

Aidhmeanna an tionscnaimh

a) Comhchultúr a chur ar aghaidh agus eolas ar na héagsúlachtaí teanga a thabhairt do na rannpháirtithe, trí ghnáthabairtí i dteangacha na dtíortha rannpháirteacha a fhoghlaim.
b)Malartú taithí sa chultúr, sna traidisiúin, sna teangacha, sa tíreolaíocht agus sa stair.
c)Smaoineamh criticiúil a chothú sna mic léinn faoi na "heachais" (náisiúnachas, coilíneachais, ciníochas …) tríd an bplé áitiúil agus trasnáisiúnta faoi chearta daonna, tríd an taighde, trí thaispeántais, trí fhóraim idirlín, agus trí theagmháil le lucht comhaoise ó scoileanna na dtíortha rannpháirteacha.
d)Bacanna cumarsáide an Aontais Eorpaigh a shárú trí chomhtheanga neodrach.
e)Cabhrú chun spiorad na saoránachta Eorpaí a mhúnlú.
f)Forbairt phearsanta na mac léinn – cumas oibre i bhfoirne agus comhoibriú chun fabhbanna cumarsáide a réiteach.
g)Feabhas ar úsáid phraiticiúil na nuatheicneolaíochtaí cumarsáide (ríomhphost agus físchomhdhálacha) chun na páirtithe a thuiscint níos fearr.
h)Na mic léinn a spreagadh chun páirt níos gníomhaí a ghlacadh in obair na scoile, trí na torthaí deiridh a fhoilsiú in am trátha.

Impleachtaí agus Gníomhaíochtaí

An tOllamh Mariana Genĉeva
maries972@yahoo.com
Ul. Targovska 101,
BG-5180 Polski Trambesh
An Bhulgáir
a chomhordaigh an tionscnamh.
Ermanno Tarracchini
ermanno.tarracchini@tiscali.it
Via Pascal 46
IT-41100 Modena
An Iodáil
a chum an teidil-leathanach daite.

(*) plean a saothraíodh ó bhunsmaoineamh "AKEL" Luis Ladeira.

Ainm agus ríomhsheoladh an aistritheora:
Irlanda/Gaeilge: Dr Seán Ó Riain
Buan-Ionadaíocht na hÉireann chuig an Aontas Eorpach, an Bhruiséil
sean.oriain@dfa.ie
www.seanoriain.eu